Monday, March 3, 2008

Obair bhaile 10 Márta 2008 - Cuardach focal- Ceol Traidisiúnta



























Mar obair bhaile..
•Déanaigí an cuardach focal mar dul siar ar an eolas ón rang inniu
•Bígí in ann cur síos a dhéanamh ar na huirlisí difriúla a bhaineann le Ceol Traidisiúnta
•Téigí ar na suíomhanna úsáideacha seo a leanas…

AIRDE
AMHRÁNAÍOCHT
CONSAIRTÍN
CORNPHÍOPA
FEADÓGSTÁIN
FIDIL
FLIÚIT
FUAIM
JIG
MÉARPHOLL
PÍB
RINCE
RITHIM
RÍL
STÍL
TRAIDISIÚN

Úirlisí Ceoil a bhaineann le Ceol Traidisiúnta

An fheadóg stáin
Gaothuirlis
Déanta as Miotal
Sé mhéarpholl
Airde ard
Seineann Paddy Moloney ó The Chieftains an fheadóg stáin


An fheadóg mhór
Tá sé cosúil leis an bhfeadóg stáin
Déanta as adhmad
Sé mhéarpholl agus gléasanna uaireanta
Bíonn an tón íseal agus séimh
Seineann Matt Molloy ó The Chieftains an fheadóg mhór

An fidil

Cuireann tú an bogha ar na téada
Is féidir le duine ríleanna atá an- tapaidh a sheinnt uirthi
Cuireann tú í ar do ghualainn
Seineann Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan fidil

Consairtín
Is feaguirlis é
Tá cnaipí ar gach taobh agus seinntear é leis na lámha
Tarraingítear na boilg agus tagann fuaim láidir amach as
Seineann Noel Hill an consairtín

Píb uilleann
Seinntear na píb leis an Uilleann
Ní shéideann tú isteach cosúil leis an bPíb mhála
Tá boilg, mála, cantaire, dordán agus rialtán. Tá an cantaire cosúil leis an bhfeadóg agus tagann an fhuaim as

Stair an Cheoil

•Traidisiún láidir ag baint leis an Amhránaíocht, Ceol agus Rince Gaelach
•Tháinig daoine lena chéile san oíche agus bhí céilí nó rince tí acu
–Sheinn siad cúpla port lena chéile
–Thosaigh siad ag amhránaíocht
–D’inis siad scéalta cois tine
•Bhí comhluadar eadarthu

Nótaí ar na Chieftains 10 Márta 2008


•Tháinig na Chieftains lena chéile ins na seascaidí agus tá siad fós ag seinnt ceoil ó shin i leith
•Is é ceannaire an ghrúpa ná Paddy Moloney agus seineann sé na píb uilleann agus an fheadóg stáin
•Tá fuaim shainiúil ag na Chieftains agus meascann siad ceol traidisiúnta le gach sórt ceoil m.sh pop, rac agus ceol sínise fiú!